Summer Seisiún 2018
8th June 2018
Seisiún an Chomhaltais 2018 Bliain na Gaeilge á Cheiliúradh
Siamsaíocht Ghaelach Náisiúnta agus Ceol na nGael Oícheanta Ceoil, Amhránaíochta, Rince agus Scéalaíochta
Faoi chlár Sheisiún Náisiúnta an Chomhaltais 2018, beidh siamsaíocht thraidisiúnta fhíor-Ghaelach ár gcultúir féin ar siúl an Samhradh seo i mbreis agus caoga ionad ar fud na hÉireann. Imeacht seanbhunaithe is ea an Seisiún – breis agus 35 bliain ó bunaíodh é – agus is mó gach bliain an líon cuairteoirí a mhealltar ó chian is ó chóngar chuig seó a chuireann an lucht féachana faoi gheasa agus a mheallann chun siamsaíochta iad. Nuair a bhíonn deireadh leis an gcéad chuid, ina mbíonn saibhreas cultúir Ghaelaigh á chur i láthair, idir cheol, amhránaíocht, damhsa agus scéalta traidisiúnta na hÉireann, cuirtear sólaistí éadroma ar fáil le linn an tsosa ghearr.
Is ansin a chuirtear tús leis an dara cuid de shiamsaíocht na hoíche agus tugtar cuireadh do na haíonna páirt a ghlacadh sa Seisiún, dul ar an urlár lena rogha rince, fonn, amhrán nó scéal. I Seisiún an Chomhaltais 2018, dírítear aird ar Bhliain na Gaeilge agus ar an nGaeilge mar theanga bheo. Bígí linn ag Seisiún an Chomhaltais an Samhradh seo.
2018 Comhaltas Seisiún Celebrating Bliain na Gaeilge
Siamsaíocht Ghaelach Náisiúnta agus Ceol na nGael Traditional Irish Music, Song, Dance and Storytelling
Comhaltas’ 2018 National Seisiún Programme provides a unique and authentic Irish traditional entertainment experience in up to 50 venues throughout Ireland this Summer. One of the longest running summer shows of its kind – over 35 years in existence – Seisiún attracts increasing numbers of visitors from overseas and nearer home with a show that captivates its audience and welcomes their participation. After the show of authentic Irish traditional music, song, dance and story-telling, light refreshments are served during the short interval.
The second part of the evening’s entertainment unfolds and guests are invited to join in the Seisiún experience, taking to the floor as they wish with a step, tune, song or story.
The 2018 Comhaltas Seisiún trail highlights this year as Bliain na Gaeilge and Irish as a living language. Join in the Comhaltas Seisiún experience this Summer.
For more information see www.coisnahabhna.ie